An bhliain ina dhiaidh sin chuaigh sé ar fostú arís go Bun an Inbhir ar feadh 7 mí ón Cháisc go i ndiaidh na Samhna. Fuair sé £3 ansin. An bhliain ina dhiaidh sin bhí sé i dteach eile, sin an bhliain a bhí sé ag fágáil na scoile, bhí sé ag fáil £5 de phá an t-am sin. Chaitheadh siad fanacht ar scoil go dtéadh an cigire thart leis na punta, £2 a bhí ann san am. Bhí sé 14 bliana d'aois san am, bhí sé ar fostú go i ndiaidh na Samhna, chaith sé an geimhreadh sa bhaile agus ansin d’imigh sé amach an Lagáin. | 00:01:24 | |